Sonraí
Ba mhaith linn go mbeidh Gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath (nó bailte mórthimpeall air) agus scoileanna suite sa Ghaeltacht páirteach sa staidéar seo.
- Iarrfar ar pháistí sna naíonáin bheaga, naíonáin mhóra agus Rang 1 a bheith páirteach.
- Déanfar na tástálacha le linn an ghnáthlá scoile.
- Leanfaidh siad thart at 30 nóiméad an dalta.
- Táimid ag súil go mbeifear in ann rang iomlán amháin (25 - 30 dalta) a thástáil in aon seachtain amháin.
- Tiocfaidh taighdeoir amach leis na tascanna a dhéanamh leis na páistí sa scoil.
Sceideal
Is é seo a leanas na seachtainí ina ndéanfar tástáil ar na haoisghrúpanna éagsúla i mBaile Átha Cliath:
Beimid ar fáil leis na tascanna a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta le linn na tréimhse seo a leanas:
- Rang 1: 7 Eanáir - 11 Feabhra 2019
- Naíonáin Mhóra: 25 Feabhra - 18 Márta 2019
- Naíonáin Bheaga: 6 Bealtaine - 17 Meitheamh 2019
Beimid ar fáil leis na tascanna a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta le linn na tréimhse seo a leanas:
- Gach rang: 18 Márta - 25 Aibreáin